Teagmhais agus réimsí sonraí diagnóiseacha Windows 10 bailithe trín pholasaí sonraí diagnóiseacha feabhsaithe a theorannú

Baineann feidhm leis do

  • Windows 10, leagan 1709 agus leaganacha níos déanaí

Tábhachtach

Tá na réitigh Ullmhacht Uasghrádaithe agus Sláinte Gléis de Windows Analytics le baint ar an 31 Eanáir, 2020. Beidh tacaíocht ar fáil doUpdate Compliance i gcónaí. Do thuilleadh eolais, amharc Windows Analytics retirement on January 31, 2020.

Tá tuairiscí Anailísíocht Bharr Deisce cumhachtaithe ag sonraí diagnóiseacha nach bhfuil san áireamh sa leibhéal Bunúsach.

I Windows 10, leagan 1709, thug muid isteach gné nua:"Limit Enhanced diagnostic data to the minimum required by Windows Analytics". Agus an ghné seo cumasaithe, déantar teagmhais sonraí diagnóiseacha an chórais oibriúcháin a bhíonn ar leibhéal Feabhsaithe a theorannú chuig na teagmhais a ndéantar cur síos orthu thíos, agus chuig na teagmhais sin amháin. Áirítear freisin leis an leibhéal Feabhsaithe tuairiscí tuairteála teoranta, nach bhfuil cur síos déanta orthu thíos. Do thuilleadh eolas ar an leibhéal Feabhsaithe, amharc Configure Windows diagnostic data in your organization.

Le deireadh Windows Analytics, leanfaidh an polasaí seo leis ag fáil tacaíocht ó Anailísíocht Bharr Deisce ach ní bheidh sonraí diagnóiseacha bainteach le Office san áireamh.

KernelProcess.AppStateChangeSummary

Déanann an teagmhas seo achoimre ar úsáid feidhmchláir agus tréithe feidhmíochta le cuidiú le Microsoft feidhmíocht agus iontaofacht a fheabhsú. Úsáideann eagraíochtaí an teagmhas seo le Anailísíocht Bharr Deisce le léargas a fháil ar iontaofacht feidhmchláir.

Tá na réimsí seo a leanas ar fáil:

  • CommitChargeAtExit_Sum: Iomlán dearbhú luchta na cuimhne le haghaidh próisis ar a scor
  • CommitChargeAtExit_Sum: Iomlán dearbhú luchta na buaic-chuimhne le haghaidh próisis ar a scor
  • ContainerId: ID Coimeádáin Stóras Aonraithe an Fhreastalaí
  • CrashCount: Líon na dtuairteanna le haghaidh ásc próisis
  • CycleCountAtExit_Sum: Iomlán na gciogal próiseálaí le haghaidh próisis tar éis dó scor
  • ExtraInfoFlags: Bratacha a léiríonn staideanna inmheánacha na logála
  • GhostCount_Sum: Líon iomlán na n-ásc inar stop an feidhmchlár ag freagairt
  • HandleCountAtExit_Sum: Iomlán an áirimh hanla le haghaidh próisis ar a scor
  • HangCount_Max: Uaslíon na gcrochadh a braitheadh
  • HangCount_Sum: Líon iomlán crochadh feidhmchláir a braitheadh
  • HardFaultCountAtExit_Sum: Líon iomlán na lochtanna leathanaigh chrua a braitheadh le haghaidh próisis ar a scor
  • HeartbeatCount: Líon Croíbhuillí logáilte don achoimre seo
  • HeartbeatSuspendedCount: Líon Croíbhuillí logáilte don achoimre seo sa chás gur cuireadh an próiseas ar fionraí
  • LaunchCount: Líon na n-ásc próisis a tosaíodh
  • LicenseType: Coimeádta d'úsáid amach anseo
  • ProcessDurationMS_Sum: Fad ama iomlán na n-ásc próisis cloig bhalla
  • CycleCountAtExit_Sum: Iomlán na léamha IO le haghaidh próisis tar éis dó scor
  • CycleCountAtExit_Sum: Iomlán an mhéid léimh IO le haghaidh próisis tar éis dó scor
  • ResumeCount: Líon na n-uaireanta a atosaíodh ar ásc próisis
  • RunningDurationMS_Sum: Iomlán an aga fónaimh
  • SuspendCount: Líon na n-uaireanta ar cuireadh ásc próisis ar fionraí
  • TargetAppId: Aitheantóir feidhmchláir
  • TargetAppType: Cineál feidhmchláir
  • TargetAppVer: Leagan an fheidhmchláir
  • TerminateCount: Líon na n-uaireanta ar cuireadh deireadh leis an bpróiseas
  • CycleCountAtExit_Sum: Líon iomlán na scríobhanna IO le haghaidh próisis tar éis dó scor
  • CycleCountAtExit_Sum: Méid iomlán na scríobhanna IO le haghaidh próisis tar éis dó scor

Microsoft.Office.TelemetryEngine.IsPreLaunch

Is infheidhme le haghaidh fheidhmchláir Office UWP. Déantar an teagmhas seo a adhnadh nuair a dhéantar feidhmchlár Office a thúsú den chéad uair tar éis an uasghrádaithe/na suiteála ón siopa. Is cuid de na sonraí diagnóiseacha bunúsacha é. Úsáidtear é chun a rianú cé acu an seisiún lainseála é seisiún faoi leith nó nach ea.

  • appVersionBuild: An tríú cuid den leagan *. .XXXXX.
  • appVersionMajor: An chéad chuid den leagan X...*
  • appVersionMinor: An dara cuid den leagan .X.*
  • appVersionRev: An ceathrú cuid den leagan *. ..XXXXX
  • SessionID: ID an tseisiúin

Microsoft.Office.SessionIdProvider.OfficeProcessSessionStart

Seolann an teagmhas seo faisnéis bhunúsach maidir le tús seisiúin nua Office. Úsáidtear é chun líon na seisiún uathúil a chonacthas ar ghléas faoi leith a chomhaireamh. Úsáidtear an teagmhas mar theagmhas croíbhuille chun a chinntiú go bhfuil an feidhmchlár ag rith ar ghléas. Lena chois sin, úsáidtear é mar chomhartha criticiúil d'iontaofacht foriomlán an fheidhmchláir.

  • AppSessionGuid: ID an tseisiúin a mhapálann chuig próiseas an fheidhmchláir
  • processSessionId: ID an tseisiúin a mhapálann chuig próiseas an fheidhmchláir

Microsoft.Office.TelemetryEngine.SessionHandOff

Is infheidhme le haghaidh fheidhmchláir Win32. Cuidíonn an teagmhas seo linn a thuiscint cé acu ar cruthaíodh seisiún nua chun teagmhas oscailte comhaid de thionscnamh úsáideora a láimhseáil. Faisnéis chriticiúil diagnóisice é seo a úsáidtear chun comhartha iontaofachta a dhíorthú agus a chinntiú go bhfuil an feidhmchlár ag obair mar a bhfuiltear ag súil leis.

  • appVersionBuild: An tríú cuid de leagan an fheidhmchláir *. .XXXXX.
  • appVersionMajor: An chéad chuid den leagan X...*
  • appVersionMinor: An dara cuid den leagan .X.*
  • appVersionRev: An ceathrú cuid den leagan *. ..XXXXX
  • childSessionID: II an tseisiúin a cruthaíodh chun oscailt comhaid de thionscnaimh an úsáideora a láimhseáil
  • parentSessionId: ID den seisiún a bhí ag rith cheana féin

Microsoft.Office.CorrelationMetadata.UTCCorrelationMetadata

Bailíonn seo meiteashonraí Office trí UTC chun comparáid a dhéanamh le sonraí comhionanna trí phíblíne teileamhéadrachta Office chun ceartas agus iomláine na sonraí a sheiceáil.

  • abConfigs: Liosta de na gnéithe atá cumasaithe don seisiún seo
  • abFlights: Liosta de na gnéithe atá cumasaithe don seisiún seo
  • AppSessionGuid: ID an tseisiúin
  • appVersionBuild: An tríú cuid de leagan an fheidhmchláir *. .XXXXX.
  • appVersionMajor: An chéad chuid den leagan X...*
  • appVersionMinor: An dara cuid den leagan .X.*
  • appVersionRevision: An ceathrú cuid den leagan *. ..XXXXX
  • audienceGroup: An cuid de dhaoine taobh istigh nó den táirgeadh an grúpa seo?
  • audienceId: ID an socraithe lucht féachana
  • channel An bhfuil tú páirteach i gcainéal leathbhliantúil nó cainéal dírithe leathbhliantúil?
  • deviceClass: An gléas deisce nó gléas móibíleach an gléas seo?
  • impressionId: Cad iad na gnéithe bhí ar fáil duit sa seisiún seo
  • languageTag: Teanga an fheidhmchláir
  • officeUserID: Aitheantóir uathúil atá ceangailte leis an tsuiteáil Office ar ghléas faoi leith.
  • osArchitecture: An ríomhaire 32 giotán nó 64 giotán é seo?
  • osEnvironment: An feidhmchlár win32 nó UWP an feidhmchlár seo?
  • osVersionString: Leagan an chórais oibriúcháin
  • sessionID ID an tseisiúin

Microsoft.Office.ClickToRun.UpdateStatus

Is infheidhme le haghaidh fheidhmchláir Win32. Cabhraíonn seo linn stádas phróiseas nuashonraithe foireann feidhmchláir Office a thuiscint (Rath nó teip agus sonraí earráide).

  • build Leagan an fheidhmchláir
  • channel An bhfuil seo ina chuid den SAC nó SAC-T?
  • errorCode: Cén earráid a tharla le linn na phróisis uasghrádaithe?
  • errorMessage: Cén teachtaireacht earráide a bhí ann le linn na phróisis uasghrádaithe?
  • status: An raibh rath leis an uasghrádú nó nach raibh?
  • targetBuild: Cén leagan feidhmchlár a rabhamar ag iarraidh uasghrádú chuige?

Microsoft.Office.TelemetryEngine.FirstIdle

Adhntar an teagmhas seo nuair a bhíonn an t-inneall teileamhéadrachta i bhfeidhmchlár Office réidh chun teileamhéadracht a sheoladh. Úsáidtear seo chun a thuiscint cé acu an bhfuil fadhbanna leis an teileamhéadracht.

  • appVersionBuild: An tríú cuid den leagan *. .XXXXX.
  • appVersionMajor: An chéad chuid den leagan X...*
  • appVersionMinor: An dara cuid den leagan .X.*
  • appVersionRev: An ceathrú cuid den leagan *. ..XXXXX
  • officeUserID: ID na suiteála a bhaineann leis an ngléas. Ní mhapálann seo chuig úsáideoir faoi leith
  • SessionID: ID an tseisiúin

Microsoft.Office.TelemetryEngine.FirstProcessed

Adhntar an teagmhas seo nuair a bhíonn rialacha nó liosta teagmhas nach mór dúinn a bhailiú próiseáilte ag an inneall teileamhéadrachta i bhfeidhmchlár Office. Úsáidtear seo chun a thuiscint cé acu an bhfuil fadhbanna leis an teileamhéadracht.

  • appVersionBuild: An tríú cuid den leagan *. .XXXXX.
  • appVersionMajor: An chéad chuid den leagan X...*
  • appVersionMinor: An dara cuid den leagan .X.*
  • appVersionRev: An ceathrú cuid den leagan *. ..XXXXX
  • officeUserID: ID na suiteála a bhaineann leis an ngléas. Ní mhapálann seo chuig úsáideoir faoi leith
  • SessionID: ID an tseisiúin

Microsoft.Office.TelemetryEngine.FirstRuleRequest

Adhntar an teagmhas seo nuair a bhíonn an chéad riail nó liosta rialacha nach mór d'fheidhmchlár a sheoladh faighte ag an inneall teileamhéadrachta i bhfeidhmchlár Office. Úsáidtear seo chun a thuiscint cé acu an bhfuil fadhbanna leis an teileamhéadracht.

  • appVersionBuild: An tríú cuid den leagan *. .XXXXX.
  • appVersionMajor: An chéad chuid den leagan X...*
  • appVersionMinor: An dara cuid den leagan .X.*
  • appVersionRev: An ceathrú cuid den leagan *. ..XXXXX
  • officeUserID: ID na suiteála a bhaineann leis an ngléas. Ní mhapálann seo chuig úsáideoir faoi leith
  • SessionID: ID an tseisiúin

Microsoft.Office.TelemetryEngine.Init

Adhntar an teagmhas seo nuair a bhíonn an t-inneall teileamhéadrachta i bhfeidhmchlár Office tosaithe nó nach bhfuil. Úsáidtear seo chun a thuiscint cé acu an bhfuil fadhbanna leis an teileamhéadracht.

  • appVersionBuild: An tríú cuid den leagan *. .XXXXX.
  • appVersionMajor: An chéad chuid den leagan X...*
  • appVersionMinor: An dara cuid den leagan .X.*
  • appVersionRev: An ceathrú cuid den leagan *. ..XXXXX
  • officeUserID: ID na suiteála a bhaineann leis an ngléas. Ní mhapálann seo chuig úsáideoir faoi leith
  • SessionID: ID an tseisiúin

Microsoft.Office.TelemetryEngine.Resume

Adhntar an teagmhas seo nuair a atosaíonn an feidhmchlár ó staid néil. Úsáidtear é seo chun tuiscint a fháil ar cibé an mbíonn fadhbanna ann le linn shaolré an fheidhmchláir.

  • appVersionBuild: An tríú cuid den leagan *. .XXXXX.
  • appVersionMajor: An chéad chuid den leagan X...*
  • appVersionMinor: An dara cuid den leagan .X.*
  • appVersionRev: An ceathrú cuid den leagan *. ..XXXXX
  • maxSequenceIdSeen: Cé mhéad teagmhas a bhí sa seisiún seo go dtí seo?
  • officeUserID: ID na suiteála a bhaineann leis an ngléas. Ní mhapálann seo chuig úsáideoir faoi leith
  • rulesSubmittedBeforeResume: Cé mhéad teagmhas a cuireadh isteach sula tosaíodh an próiseas arís?
  • SessionID: ID an tseisiúin

Microsoft.Office.TelemetryEngine.RuleRequestFailed

Adhntar an teagmhas seo nuair a theipeann ar fheidhmchlár Office rialacha a fháil ina bhfuil liosta na dteagmhas teileamhéadrachta. Úsáidtear seo chun a thuiscint cé acu an bhfuil fadhbanna leis an teileamhéadracht.

  • appVersionBuild: An tríú cuid den leagan *. .XXXXX.
  • appVersionMajor: An chéad chuid den leagan X...*
  • appVersionMinor: An dara cuid den leagan .X.*
  • appVersionRev: An ceathrú cuid den leagan *. ..XXXXX
  • officeUserID: ID na suiteála a bhaineann leis an ngléas. Ní mhapálann seo chuig úsáideoir faoi leith
  • SessionID: ID an tseisiúin

Microsoft.Office.TelemetryEngine.RuleRequestFailedDueToClientOffline

Adhntar an teagmhas seo nuair a theipeann ar fheidhmchlár Office rialacha a fháil ina bhfuil liosta na dteagmhas teileamhéadrachta, nuair bhíonn an gléas as líne. Úsáidtear seo chun a thuiscint cé acu an bhfuil fadhbanna leis an teileamhéadracht.

  • appVersionBuild: An tríú cuid den leagan *. .XXXXX.
  • appVersionMajor: An chéad chuid den leagan X...*
  • appVersionMinor: An dara cuid den leagan .X.*
  • appVersionRev: An ceathrú cuid den leagan *. ..XXXXX
  • officeUserID: ID na suiteála a bhaineann leis an ngléas. Ní mhapálann seo chuig úsáideoir faoi leith
  • SessionID: ID an tseisiúin

Microsoft.Office.TelemetryEngine.ShutdownComplete

Adhntar an teagmhas seo nuair a bhíonn rialacha nó liosta teagmhas nach mór dúinn a bhailiú próiseáilte ag an inneall teileamhéadrachta i bhfeidhmchlár Office. Úsáideach chun tuiscint a fháil ar cé acu an bhfuil tuairteáil faoi leith ag tarlú le linn múchadh feidhmchláir, agus más féidir sonraí a chailliúint dá bharr.

  • appVersionBuild: An tríú cuid den leagan *. .XXXXX.
  • appVersionMajor: An chéad chuid den leagan X...*
  • appVersionMinor: An dara cuid den leagan .X.*
  • appVersionRev: An ceathrú cuid den leagan *. ..XXXXX
  • maxSequenceIdSeen: Cé mhéad teagmhas a bhí sa seisiún seo go dtí seo?
  • officeUserID: ID na suiteála a bhaineann leis an ngléas. Ní mhapálann seo chuig úsáideoir faoi leith
  • rulesSubmittedBeforeResume: Cé mhéad teagmhas a cuireadh isteach sula tosaíodh an próiseas arís?
  • SessionID: ID an tseisiúin

Microsoft.Office.TelemetryEngine.ShutdownStart

Adhntar an teagmhas seo nuair a bhíonn an t-inneall laistigh d'fheidhmchlár díthosaithe , agus go bhfuil an feidhmchlár á mhúchadh. Úsáideach chun tuiscint a fháil ar cé acu an bhfuil tuairteáil faoi leith ag tarlú le linn múchadh feidhmchláir, agus más féidir sonraí a chailliúint dá bharr.

  • appVersionBuild: An tríú cuid den leagan *. .XXXXX.
  • appVersionMajor: An chéad chuid den leagan X...*
  • appVersionMinor: An dara cuid den leagan .X.*
  • appVersionRev: An ceathrú cuid den leagan *. ..XXXXX
  • officeUserID: ID na suiteála a bhaineann leis an ngléas. Ní mhapálann seo chuig úsáideoir faoi leith
  • rulesSubmittedBeforeResume: Cé mhéad teagmhas a cuireadh isteach sula tosaíodh an próiseas arís?
  • SessionID: ID an tseisiúin

Microsoft.Office.TelemetryEngine.SuspendComplete

Adhntar an teagmhas seo nuair a bhíonn rialacha nó liosta teagmhas nach mór dúinn a bhailiú próiseáilte ag an inneall teileamhéadrachta i bhfeidhmchlár Office. Úsáidtear seo chun a thuiscint cé acu an bhfuil fadhbanna leis an teileamhéadracht.

  • appVersionBuild: An tríú cuid den leagan *. .XXXXX.
  • appVersionMajor: An chéad chuid den leagan X...*
  • appVersionMinor: An dara cuid den leagan .X.*
  • appVersionRev: An ceathrú cuid den leagan *. ..XXXXX
  • maxSequenceIdSeen: Cé mhéad teagmhas a bhí sa seisiún seo go dtí seo?
  • officeUserID: ID na suiteála a bhaineann leis an ngléas. Ní mhapálann seo chuig úsáideoir faoi leith
  • rulesSubmittedBeforeResume: Cé mhéad teagmhas a cuireadh isteach sula tosaíodh an próiseas arís?
  • SessionID: ID an tseisiúin
  • SuspendType: An cineál cur ar fionraí

Microsoft.Office.TelemetryEngine.SuspendStart

Adhntar an teagmhas seo nuair a chuireann an feidhmchlár oifige an t-athrú saolré de réir feidhmchláir. Úsáidtear é seo chun tuiscint a fháil ar cibé an mbíonn fadhbanna ann le linn shaolré an fheidhmchláir.

  • appVersionBuild: An tríú cuid den leagan *. .XXXXX.
  • appVersionMajor: An chéad chuid den leagan X...*
  • appVersionMinor: An dara cuid den leagan .X.*
  • appVersionRev: An ceathrú cuid den leagan *. ..XXXXX
  • maxSequenceIdSeen: Cé mhéad teagmhas a bhí sa seisiún seo go dtí seo?
  • officeUserID: ID na suiteála a bhaineann leis an ngléas. Ní mhapálann seo chuig úsáideoir faoi leith
  • rulesSubmittedBeforeResume: Cé mhéad teagmhas a cuireadh isteach sula tosaíodh an próiseas arís?
  • SessionID: ID an tseisiúin
  • SuspendType: An cineál cur ar fionraí

Microsoft.OSG.OSS. CredProvFramework.ReportResultStop

Léiríonn an teagmhas seo toradh na hiarrachta ar úsáideoir a fhíordheimhniú le soláthraí faisnéise aitheantais. Cabhraíonn sé le Microsoft iontaofacht an tsínithe isteach a fheabhsú. Ag baint úsáid as an teagmhas seo le Desktop Analytics, is féidir cabhrú le heagraíochtaí monatóireacht agus feabhsú a dhéanamh ar rath an tsínithe isteach le haghaidh modhanna éagsúla (mar shampla, bithmhéadrach) ar ghléasanna bainistithe.

Tá na réimsí seo a leanas ar fáil:

  • CredTileProviderId: ID an tSoláthraí Faisnéise Aitheantais
  • IsConnectedUser: Bratach a léiríonn cibé an bhfuil úsáideoir nasctha nó nach bhfuil
  • IsPLAPTile: Bratach a léiríonn cibé an mbaineann an tíl aitheantais seo le soláthraí rochtana réamh-logáil isteach nó nach mbaineann
  • IsRemoteSession: Bratach a léiríonn cibé an seisiún cianda é an seisiún seo nó nach bhfuil
  • IsV2CredProv: Bratach a léiríonn cibé an soláthraí aitheantais de V2 atá ann nó nach bhfuil
  • OpitonalStatusText: Téacs stádais
  • ProcessImage: Cosán íomhá chuig an bpróiseas
  • ProviderId: ID an tSolathraí Faisnéise Aitheantais
  • ProviderStatusIcon: Léiríonn cé acu de na híocóin stádais ar chóir a thaispeáint
  • ReturnCode: Aschur an fheidhm ReportResult
  • SessionId: Aitheantóir seisiúin
  • Sign-in error status: Stádas na hearráide sínithe isteach
  • SubStatus: Fo-stádas na hearráide sínithe isteach
  • UserTag: Cuntas ar líon na n-uaireanta a roghnaigh úsáideoir soláthraí

Microsoft.Windows.Kernel.Power.OSStateChange

Léirítear leis an teagmhas seo an trasdul idir staideanna an chórais oibriúcháin (Air, As, Codladh, srl.). Ag baint úsáid as an teagmhas seo le Desktop Analytics, is féidir le heagraíochtaí monatóireacht a dhéanamh ar iontaofacht agus feidhmíocht na ngléasanna bainistithe.

Tá na réimsí seo a leanas ar fáil:

  • AcPowerOnline: Más "FÍOR" é, tá an gléas ag úsáid cumhacht AC. Más "BRÉAGACH" é, tá an gléas ag úsáid cumhacht cadhnra.
  • ActualTransitions: Líon na dtrasdulta idir staideanna an chórais oibriúcháin ón mbútáil córais dheiridh
  • BatteryCapacity: Toilleadh uasta an chadhnra in mWh
  • BatteryCharge: Luchtú reatha an chadhnra mar chéatadán den tomhas iomlán
  • BatteryDischarging: Bratach a léiríonn cibé an bhfuil an cadhnra ag díluchtú nó ag luchtú
  • BootId: Líon iomlán bútála ó suiteáladh an córas oibriúcháin
  • BootTimeUTC: Dáta agus am i ndáil le teagmhas áirithe bútála (a aithnítear trí BootId)
  • EnergyChangeV2: Luach alaghraif in mWh a léiríonn athrú in úsáid chumhachta
  • EnergyChangeV2Flags: Bratacha le haghaidh comhthéacs EnergyChangeV2 a sholéiriú
  • EventSequence: Uimhir sheicheamhach a úsáidtear le críochnúlacht na sonraí a mheas
  • LastStateTransition: ID an trasdula deiridh i staid an chóras oibriúcháin
  • LastStateTransitionSub: ID an trasdula dheiridh i bhfo-staid an chórais oibriúcháin
  • StateDurationMS: Líon milleasoicind a caitheadh i staid deiridh an chórais oibriúcháin
  • LastStateTransition: ID na staide córais oibriúchán a bhfuil an córas i mbun trasdula chuige
  • StateTransitionSub: ID na fo-staide córais oibriúchán a bhfuil an córas i mbun trasdula chuici
  • TotalDurationMS: Am iomlán (sa mhilleasoicind) a caitheadh sna staideanna uile ón mbútáil dheiridh
  • TotalUptimeMS: Am iomlán (sa mhilleasoicind) a bhí an gléas i staideanna Aga fónaimh nó Ar rith ón mbútáil dheiridh.
  • TransitionsToOn: Líon na dtrasdulta chuig an staid Casta Air ón mbútáil dheiridh
  • UptimeDeltaMS: Am iomlán (sa mhilleasoicind) a cuireadh le hAga fónaimh ón teagmhas deiridh

Microsoft.Windows.LogonController.LogonAndUnlockSubmit

Seoltar mionsonraí faoin úsáideoir atá ag iarraidh logáil isteach chuig an ngléas nó ag iarraidh é a dhíghlasáil.

Tá na réimsí seo a leanas ar fáil:

  • isSystemManagedAccount: Léiríonn sé má bhíonn cuntas an úsáideora faoi Bhainistiú Córais
  • isUnlockScenario: Bratach a léiríonn cibé an teagmhas Logáil isteach atá ann nó teagmhas Díghlasáil
  • userType: Léirítear an cineál úsáideora: 0 = anaithnid; 1 = áitiúil; 2 = Úsáideoir fhearainn Active Directory; 3 = Cuntas Microsoft; 4 = Úsáideoir Active Directory Azure

Microsoft.Windows.LogonController.SignInFailure

Seoltar sonraí faoi aon chóid earráide a braitheadh le linn síniú isteach teipthe.

Tá na réimsí seo a leanas ar fáil:

  • ntsStatus: Stádas chód earráide NTSTATUS a chuirtear ar ais ó iarracht ar shíniú isteach
  • ntsSubstatus: Fo-stádas cóid earráide NTSTATUS a chuirtear ar ais ó iarracht ar shíniú isteach

Microsoft.Windows.Security.Biometrics.Service.BioServiceActivityCapture

Léiríonn sé gur cuireadh gabháil bithmhéadrach i gcomparáid le teimpléid aitheanta

Tá na réimsí seo a leanas ar fáil:

  • captureDetail: Toradh ó ghabháil bhithmhéadrach, cibé acu meaitseáilte le rollú, nó le hearráid
  • captureSuccessful: Léiríonn sé cibé ar éirigh le gabháil bhithmhéadrach a mheaitseáil, nó nár éirigh.
  • hardwareId: ID an bhraiteora a bhailigh an ghabháil bhithmhéadrach
  • isSecureSensor: Bratach a léiríonn cibé an raibh braiteoir bithmhéadrach i mód slándála feabhsaithe
  • isTrustletRunning: Léiríonn sé cibé an bhfuil comhpháirt slándála feabhsaithe ar rith faoi láthair
  • isVsmCfg: Bratach a léiríonn cibé an bhfuil mód slán fíorúil cumraithe nó nach bhfuil

Microsoft.Windows.Security.Winlogon.SystemBootStop

Bútáil an chórais curtha i gcrích.

Tá an réimse seo a leanas ar fáil:

  • ticksSinceBoot: Fad ama theagmhas na bútála (milleasoicind)

Microsoft.Windows.Shell.Desktop.LogonFramework.AllLogonTasks

Déanann an teagmhas ar an ghnás logáil isteach le cuidiú le Microsoft feidhmíocht agus iontaofacht a fheabhsú. Ag baint úsáid as an teagmhas seo le Desktop Analytics, is féidir cabhrú le heagraíochtaí fadhbanna logála isteach ar ghléasanna bainistithe a aithint.

Tá na réimsí seo a leanas ar fáil:

  • isAadUser: Léiríonn sé cibé an bhfuil an logáil isteach reatha le haghaidh cuntas Active Directory Azure
  • isDomainUser: Léiríonn sé cibé an bhfuil an logáil isteach reatha le haghaidh cuntas fearainn
  • isMSA: Léiríonn sé cibé an bhfuil an logáil isteach reatha le haghaidh Chuntas Microsoft
  • logonOptimizationFlags: Bratacha a léiríonn socruithe don seisiún logála isteach seo maidir le hoptamú
  • logonTypeFlags: Bratacha a léiríonn an cineál logála isteach (an chéad logáil isteach vs. logáil isteach níos déanaí)
  • systemManufacturer: Déantóir an ghléis
  • systemProductName: Ainm táirge an ghléis
  • wilActivity: Léiríonn sé earráidí sa tasc chun cabhrú le Microsoft feabhas a chur ar iontaofacht.

Microsoft.Windows.Shell.Desktop.LogonFramework.LogonTask

Déanann an teagmhas seo cur síos ar thascanna córais atá ina gcuid de sheicheamh logála isteach an úsáideora agus a chabhraíonn le Microsoft feabhas a chur ar iontaofacht.

Tá na réimsí seo a leanas ar fáil:

  • isStartWaitTask: Bratach a léiríonn cibé an dtosaíonn an tasc ar thasc cúlra
  • isWaitMethod: Bratach a léiríonn go bhfuil an tasc ag feitheamh ar thasc chúlra
  • logonTask: Léiríonn sé an chéim logála isteach atá ar siúl faoi láthair
  • wilActivity: Léiríonn sé earráidí sa tasc chun cabhrú le Microsoft feabhas a chur ar iontaofacht.

Microsoft.Windows.Shell.Explorer.DesktopReady

Túsú curtha i gcrích.

Microsoft-Windows-Security-EFS-EDPAudit-ApplicationLearning.EdpAuditLogApplicationLearning

I gcás gléis atá faoi réir pholasaí Chosaint Faisnéise Windows, gintear teagmhais foghlama nuair a thagann feidhmchlár ar theorainn pholasaí (mar shampla, iarracht ar dhoiciméad oibre a oscailt le feidhmchlár pearsanta). Cabhraíonn na teagmhais seo leis an riarthóir WIP rialacha an pholasaí a choigeartú agus cosc a chur ar chur isteach ar an úsáideoir nach bhfuil gá leis.

Tá na réimsí seo a leanas ar fáil:

  • actiontype: Léiríonn sé cineál na rochtana acmhainne a bhí á thriail ag an bhfeidhmchlár (mar shampla, doiciméad áitiúil vs. acmhainn líonra a oscailt) nuair a tháinig sé ar theorainn pholasaí. Úsáideach do riarthóirí Chosaint Faisnéise Windows le rialacha polasaí a choigeartú.
  • appIdType:, Bunaithe ar chineál an fheidhmchláir, léiríonn an réimse seo cineál na rialach feidhmchláir nach foláir do riarthóir Chosaint Faisnéise Windows a chruthú don fheidhmchlár seo.
  • appname: An feidhmchlár a chuir an teagmhas ar siúl
  • stádas: Léiríonn sé cibé ar tharla earráidí le linn na dteagmhas foghlama WIP

Win32kTraceLogging.AppInteractivitySummary

Déanann seo achoimre ar cén feidhmchlár windows atá in úsáid (mar shampla, bíodh fócas agat) le cuidiú le Microsoft comhoiriúnacht agus taithí úsáideora a fheabhsú. Cuidíonn sé le heagraíochtaí (trí Anailísíocht Bharr Deisce a úsáid) le hiontaofacht agus feidhmíocht do ghléasanna bainistithe a thuiscint agus a fheabhsú chomh maith.

Tá na réimsí seo a leanas ar fáil:

  • AggregationDurationMS: Fad ama iarbhír na tréimhse comhbhailiúcháin (sa mhilleasoicind)
  • AggregationFlags: Bratacha a chuireann socruithe comhbhailiúcháin in iúl
  • AggregationDurationMS: Fad ama ceaptha don tréimhse comhbhailiúcháin (sa mhilleasoicind)
  • AggregationStartTime: Dáta agus am tosaigh an chomhbhailiúcháin AppInteractivity
  • AppId: ID an Fheidhmchláir le haghaidh úsáide
  • AppSessionId: GUID a shainaithníonn seisiún úsáide an fheidhmchláir
  • AppVersion: Leagan den fheidhmchlár a chuir an teagmhas seo faoi deara
  • AudioInMS: Fad ama na gabhála fuaime (sa mhilleasoicind)
  • AudioInMS: Fad ama na hathsheanma fuaime (sa mhilleasoicind)
  • BackgroundMouseSec: Léiríonn sé go raibh teagmhas ainlithe luiche agus an feidhmchlár sa chúlra
  • BitPeriodMS: Fad na tréimhse a léirítear le InFocusBitmap
  • CommandLineHash: Hais líne na n-orduithe
  • CompositionDirtyGeneratedSec: Léiríonn sé an méid ama (sa soicind) ar lena linn a thuairiscigh an feidhmchlár gníomhach go raibh nuashonrú aige
  • CompositionDirtyPropagatedSec: Am iomlán (sa soicind) ar comharthaíodh nuashonruithe ag próiseas ar leithligh, a raibh gnéithe amhairc óstáilte i bhfeidhmchlár aige
  • CompositionRenderedSec: Am (sa soicind) ar rindreáladh inneachar feidhmchláir
  • EventSequence: [tuilleadh faisnéise de dhíth]
  • FocusLostCount: Líon na n-uaireanta ar chaill feidhmchlár fócas le linn na tréimhse comhbhailiúcháin
  • GameInputSec: Am (sa soicind) a raibh ionchur úsáideora ann le rialaitheoir cluichíochta
  • HidInputSec: Am (sa soicind) a raibh ionchur úsáideora ann le gléasanna nach rialaitheoir cluichíochta iad
  • InFocusBitmap: Sraith giotán a léiríonn feidhmchlár a bhfuil fócas aige agus atá ag cailleadh fócais
  • InFocusDurationMS: Am iomlán (sa mhilleasoicind) a raibh fócas ag an bhfeidhmchlár
  • InputSec: Líon iomlán soicindí a raibh ionchur úsáideora ar bith ann lena linn
  • InteractiveTimeoutPeriodMS: Am iomlán (sa mhilleasoicind) ar cuireadh seisiúin idirghníomhaithe as feidhm de bharr neamhghníomhaíochta
  • KeyboardInputSec: Líon iomlán soicindí a raibh ionchur eochairchláir ann lena linn
  • MonitorFlags: Bratacha a léiríonn úsáid monatóirí aonair ag feidhmchlár
  • MonitorHeight: Líon na bpicteilíní ingearacha i dtaifeach monatóra an óstaigh feidhmchláir
  • MonitorWidth: Líon na bpicteilíní cothrománach i dtaifeach monatóra an óstaigh feidhmchláir
  • MouseInputSec: Líon iomlán soicindí a raibh ionchur luiche ann lena linn
  • NewProcessCount: Líon na bpróiseas nua a chuireann leis an gcomhbhailiúcháin
  • PartATransform_AppSessionGuidToUserSid: Bratach a mbíonn tionchar aici ar an gcaoi a dtógtar codanna eile den teagmhas
  • PenInputSec: Líon iomlán soicindí a raibh ionchur pinn ann lena linn
  • SpeechRecognitionSec: Líon iomlán soicindí d'aithint cainte
  • SummaryRound: Uimhir incriminteach a léiríonn an babhta (baisc) atá á choimriú
  • TargetAsId: Bratach a mbíonn tionchar aici ar an gcaoi a dtógtar codanna eile den teagmhas
  • TotalUserOrDisplayActiveDurationMS: Am iomlán a bhí an úsáideoir nó an taispeáint gníomhach (sa mhilleasoicind)
  • TouchInputSec: Líon iomlán soicindí a raibh ionchur tadhaill ann lena linn
  • UserActiveDurationMS: Am iomlán a bhí an úsáideoir gníomhach, gach modh ionchuir san áireamh
  • UserActiveTransitionCount: Líon na dtrasdulta isteach go gníomhaíocht úsáideora agus amach aisti
  • UserOrDisplayActiveDurationMS: Am iomlán ar úsáid an t-úsáideoir an taispeáint
  • ViewFlags: Bratacha a léiríonn airíonna i ndáil le hamharc feidhmchláir (mar shampla, cibé an bhfuil amharc speisialta VR ann nó nach bhfuil)
  • WindowFlags: Bratacha a léiríonn airíonna ama rite i ndáil le fuinneog feidhmchláir
  • WindowHeight: Líon na bpicteilíní ingearacha i bhfuinneog an fheidhmchláir
  • WindowWidth: Líon na bpicteilíní cothrománacha i bhfuinneog an fheidhmchláir

Athbhreithnithe

PartA_UserSid bainte

In athbhreithniú ar an liosta seo roimhe seo sonraí go raibh réimse dar teideal PartA_UserSid mar bhall den teagmhas Microsoft.Windows.LogonController.LogonAndUnlockSubmit. Bhí an ráiteas seo mícheart. Rinneadh an liosta a nuashonrú chun léiriú nach raibh aon réimse den sórt sin sa teagmhas.

Teagmhais Office atá curtha leis

In Windows 10, leagan 1809 (infheidhme freisin maidir le leaganacha 1709 agus 1803 a thosaíonn le KB 4462932 agus KB 4462933 faoi seach), cuireadh 16 teagmhas leis, a dhéanann tuairisc ar lainseáil agus infhaighteacht fheidhmchlár Office. Cuireadh na teagmhais seo leis le cruinneas na sonraí Office i Windows Analytics a fheabhsú.

Nóta

Ní bheidh sonraí office curtha ar fáil a thuilleadh trín pholasaí seo in Anailísíocht Bharr Deisce.

Teagmhais CertAnalytics bainte

I Windows 10, leagan 1809 (baineann sé le leaganacha 1709 agus 1803 chomh maith ag tosú le KB 4462932 and KB 4462933 faoi seach), 3 baineadh teagmhais "CertAnalytics", toisc nach bhfuil siad de dhíth níos mó d'Anailísíocht Bharr Deisce.

Nóta

Is féidir leat Amharcóir Sonraí Diagnóiseacha Windows a úsáid le scrúdú agus athbhreithniú a dhéanamh ar theagmhais agus a réimsí mar atá sonraithe san ábhar seo.